<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0343</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar a bhunú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0085/2024 -  Rapóirtéirí: Tonino Picula, Karlo Ressler)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú (COM(2023)0692 – C9-0408/2023 – 2023/0397(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0692),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 212 agus 322(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0408/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 30 Eanáir 2024<FOOTNOTE><FIELD> Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Aibreán 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Buiséid faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Rialú Buiséadach;
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Buiséid (A9-0085/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ón bParliament agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, agus a fhoilseofar i sraith C <STRING ITALIC="on">d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P9_TC1-COD(2023)0397</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1449.)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI><STI><STRING BOLD="on">Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an ainmníocht bhuiséadach iomchuí le haghaidh Shaoráid na mBalcán Thiar</STRING></STI>
Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dearbhú an Choimisiúin dá n-aire maidir le tuairisciú. Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh faoi na Conarthaí, tá sé ar intinn ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ainmníocht na Saoráide a athbhreithniú, mar shampla maidir le leithreasuithe in aghaidh an tairbhí, chun grinnscrúdú polaitiúil agus buiséadach iomchuí a áirithiú. Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún Eorpach aird chuí a thabhairt ar an ráiteas sin, de réir mar is iomchuí, le linn Dréachtbhuiséad 2025 a ullmhú.
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>